Is é an Foras Riaracháin an t-aon ghníomhaireacht forbartha don tseirbhís phoiblí in Éirinn atá dírithe ar fhorbairt na hearnála poiblí amháin.

Undergraduate & Postgraduate Prospectus 2021/2022

Full details on all programmes offered by the Whitaker School of Government and Management at the IPA can also be found in our undergraduate and postgraduate prospectuses, available here to view or download.

Seirbhísí Comhairleoireachta

Tairgeann an Foras réimse seirbhísí comhairleoireachta chun cabhrú le heagraíochtaí a gcuid cuspóirí a fhorbairt agus a bhaint amach. Tá sainoiliúint den scoth ar rialachas, iniúchadh, bainistiú airgeadais, bainistiú acmhainní daonna agus ar réimsí eile ag ar saineolaithe. Is féidir leo cabhrú le d’eagraíocht a cuid fadhbanna a aithint agus a réiteach agus tionchar maith a imirt ar a todhchaí.

 

 

Liosta Seoltaí

Subscribe to our mailing list to receive regular emails about IPA courses, events, publications and news updates. You can unsubscribe at any time. For further information on how we use your data, please see our Privacy Statement.

Seoladh ríomhphoist

Leabharlann

Tá bailiúchán ábhair cuimsitheach ar bhainistíocht agus staidéar gnó i leabharlann an Fhorais. Tá idir leabhair agus irisí ar réimse leathan ábhar ar fáil lena n-áirítear dlí, polaitíocht, eacnamaíocht, bainistíocht, cuntasaíocht, coireolaíocht, an AE, cúram sláinte, airgeadas, rialtas áitiúil agus socheolaíocht. Tá leabharlannaithe an Fhorais réidh chun cabhrú le micléinn agus iad i mbun a gcuid staidéir agus i mbun eolas a chuardach. Soláthraíonn an leabharlann eolas, ábhar tagartha agus seirbhísí iasachta do mhicléinn, do bhaill agus d’fhoireann an Fhorais.

Idirnáisiúnta

Tá clú den chéad scoth ag an bhForas Riaracháin as ucht na comhairleoireachta agus na seirbhísí eile a chuireann sé ar fáil do chomhlachtaí na seirbhíse poiblí mórthimpeall an domhain. Tá obair déanta ag aonad Idirnáisiúnta an Fhorais le rialtais agus comhlachtaí earnála poiblí i mórán tíortha, an tSaimbia, Montainéagró, an Chipir agus Cónaidhm na Rúise san áireamh. Chun tuilleadh eolais a fháil féach tríd an leathanach Idirnáisiúnta.

Áiseanna Cruinnithe

Tá Ionad Oiliúna agus Oideachais úrnua ag an bhForas, áit a bhfuil áiseanna cruinnithe ar fáil ar cíos. Áirítear air seo halla léachta 120 suíochán, seomraí léachta agus seimineáir agus saotharlanna ríomhaire. Tá gach seomra feistithe go hiomlán leis an teicneolaíocht chlosamhairc is déanaí. Tá ceaintín ag an bhForas leis, ina bhfuil béilí éadroma ar fáil.

myIPA

Is féidir le baill den bhForas Riaracháin, baill chorparáideacha san áireamh, rochtain a fháil ar réimse eolais agus ar sheirbhísí eile tríd an tairseach myIPA ach a sonraí logáil isteach ballraíochta a úsáid.